Post Páirt-Aimseartha (Saoire Máithreachais) Riarthóir & Oibrí Forbartha

Tá post pháirt-aimseartha (Saoire Máithreachais) mar Riarthóir & Oibrí Forbartha á thairiscint ag Comhar na nOileán CTR. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Oifigí Chomhar na nOileán in Inis Oírr agus is 9.00 r.n. go 5.00 i.n. na huaireanta oibre.

Tá solúbthacht maidir leis an dáta tosaithe.

Beidh tuiscint ar shaol na tuaithe, agus ar shaol na n-oileán riachtanach freisin. Beidh Gaeilge labhartha agus scríofa riachtanach, chomh maith le taithí ag obair oifige, ar chláracha maoinithe agus ar obair fhorbartha go ginearálta. Beidh ard-scileanna ríomhaireachta ag teastáil chomh maith le cumas maith riarachána.

Fiosrúcháin tríd an bhfón nó ríomhphost.

Is é 5pm 7ú Iúil 2017 an sprioc dáta d’iarratais. Seol isteach CV ag an oifig nó ag fios@oileain.ie

Is fostóir comhionannais é Comhar na nOileán CTR