Traenáil Bailte Cliste / Smart Village Training

Traenáil Bailte Cliste

Cláraigh – https://forms.gle/PBEfAAZzTAe1FHyz5

Beidh an traenáil ar siúl ar Zoom sa tráthnóna ó 19:00 – 21:00. Féach dátaí do cheantar thíos le do thoil:

Oileáin Mhaigh Eo – 20 Meán Fómhair, 4 Deireadh Fómhair, 18 Deireadh Fómhair, 1 Samhain, 15 Samhain, 29 Samhain.

Oileáin Dhún na nGall – Meán Fómhair 21, Deireadh Fómhair 5, Deireadh Fómhair 19, Samhain 2, Samhain 16, 30 Samhain.

Oileáin Chorcaí – Meán Fómhair 22, Deireadh Fómhair 6, Deireadh Fómhair 20, Samhain 3, Samhain 17, 1 Nollaig.

Na Trí Cheann (Corcaigh) – Meán Fómhair 28, Deireadh Fómhair 12, Deireadh Fómhair 26, Samhain 9, Samhain 23, Dec 7

Oileáin na Gaillimhe – 29 Meán Fómhair, Deireadh Fómhair 13, Deireadh Fómhair 27, Samhain 10, Samhain 24, 8 Nollaig.

Céard iad bailte cliste?

Is pobail i gceantair thuaithe iad Bailte Cliste a úsáideann réitigh nuálacha chun a n-athléimneacht a fheabhsú, ag tógáil ar láidreachtaí agus deiseanna áitiúla.

Choimisiúnaigh Comhar na nOileán CTR, in éineacht le comhlachtaí forbartha áitiúla timpeall na hÉireann, cruthú Curaclam Bailte Cliste le eTownz, agus tá CramdenTECH Ltd. ag déanamh an traenáil sa churaclam seo thar ceann Chomhar na nOileán CTR.

Tá sé cinn de mhodúil sa churaclam, 2 uair an modúil, a threoraíonn rannpháirtithe tríd an bpróiseas chun Plean Bailte Cliste a chruthú, a chuirtear le chéile ag baint úsáide as leabhar oibre a líontar le linn an chúrsa.

Is cur chuige modúlach agus pragmatach é an Curaclam Bailte Cliste arna chur le chéile ag eTownz maidir le forbairt áitiúil ina gcruthaíonn an pobal clár idirghníomhach dá Shócmhainní, Geallsealbhóirí, Spriocanna, Tionscadail agus Méadracht áitiúil.

Nuair a bhíonn an plean ullmhaithe déanann gach páirtí leasmhar áitiúil é a athbhreithniú go bliantúil ar bhealach cuimsitheach. Déantar athbhreithniú ar gach taifead agus sprioc gach bliain ag bogadh tionscadail tríd a saolré ag baint úsáide as méadracht agus aiseolas pobail chun an plean a nuashonrú.

Tá Comhar na nOileán CTR ag tabhairt cuireadh do phobail páirt a ghlacadh sa gclár agus ansin daoine a lorg ó gach pobal le bheith páirteach sa chúrsa idirghníomhach. Beidh na rannpháirtithe seo mar sheaimpíní Bailte Cliste ina bpobail, oilte chun páirtithe leasmhara éagsúla a thabhairt le chéile agus an clár a chomhordú go bliantúil.

Smart Village Training

Register – https://forms.gle/PBEfAAZzTAe1FHyz5

All training to take place on Zoom in the evenings from 19:00 – 21:00. Please see dates for your location below:

Mayo Islands – Sep 20, Oct 4, Oct 18, Nov 1, Nov 15, Nov 29.

Donegal Islands – Sep 21, Oct 5, Oct 19, Nov 2, Nov 16, Nov 30.

Cork Islands – Sep 22, Oct 6, Oct 20, Nov 3, Nov 17, Dec 1.

The Three Heads (Cork) – Sep 28, Oct 12, Oct 26, Nov 9, Nov 23, Dec 7

Galway Islands – Sep 29, Oct 13, Oct 27, Nov 10, Nov 24, Dec 8.

WHAT IS A SMART VILLAGE?

Smart Villages are communities in rural areas that use innovative solutions to improve their resilience, building on local strengths and opportunities.

Comhar na nOileán CTR, together with local development companies around Ireland, commissioned the creation of the Smart Village Curriculum by eTownz, and CramdenTECH Ltd. is providing training in this curriculum on behalf of Comhar na nOileán CTR.

The curriculum consists of six x 2-hour modules which guides participants through the process of creating a Smart Village Plan, which is compiled using a workbook that is completed during the course.

The Smart Village Curriculum compiled by eTownz is a modular and pragmatic approach to local development where the community creates an interactive register for its local Assets, Stakeholders, Goals, Projects and Metrics.

Once the plan is prepared it is reviewed annually in an inclusive manner by all local stakeholders. Each record and goal is reviewed annually moving projects through their lifecycle using metrics and community feedback to update the plan.

Comhar na nOileán CTR are inviting communities to participate in the program and then seeking people from each community to participate in the interactive course. These participants will be the Smart Village champions in their communities, trained in bringing various stakeholders together and coordinating the program annually.