Ba mhaith le Comhar na nOileán a chur in iúl go bhfuil an chéad dréacht don Straitéis don Chlár Forbartha Áitiúil curtha i dtoll a chéile le LCDC Chontae na Gaillimhe, An Comhairle Contae, Comhlacht Forbartha Tuaithe na Gaillimhe agus le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Clúdaíonn sé seo an Contae ar fad agus san áireamh anseo tá Ceantar Bhardas Chonamara ar a n-áirítear na hOileáin agus Gaeltacht na Gaillimhe.
Tá Comhar na nOileán ag déanamh éilimh ar an gclár a sheachadadh ar na hOileáin mar a rinne siad mar Chomhdháil Oileáin na hÉireann riamh anall ó 1994 agus i nGaeltacht na Gaillimhe ó 2012.
Tá Comhar na nOileán i dteagmháil rialta leis na Comharchumainn agus na Coistí Aitiúla Pobail, fud fad oileán na hÉireann, lena chinntiú go bhfuil tosaíochta na nOileán agus na Gaeltachta chun tosaigh sa gClár nua.
Tá riachtanaísí Oileáin Mhaigh Eo pléite leis na pobail agus beidh Comhar na nOileán ar Oileáin Chorcaigh an tseachtain seo. Tá cruinniú le Pobal Oileán Chléire ag an 8 a chlog, De Máirt an 29ú Meán Fómhair. Tá cruinnithe beartaithe d’Oileáin Dhún na nGall ar an 13ú & an 14ú Deireadh Fómhair. Tá cruinnithe oileáin na Gaillimhe agus an Ghaeltacht leanúnach.
Chun aon eolas breise a fháil glaoigh ar Phríomh-Oifig Comhar na nOileán in Inis Oírr ag 099 75096.