COSTAS ÁILÍNIÚ LE POLASAITHE RIALTAIS – COMHLACHT NA nOILEÁN DÓITE
Taréis athbhreithniú ar an gcinneadh a rinneadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltacht gan an conradh a thairiscint don Iarratas ar an gClár LEADER a rinne Coiste Áitiúil Forbartha Pobail na Gaillimhe i gcomhar le Comhar na nOileán & Galway Rural Development tá an ráiteas seo le príomh scaoileadh againn.
- Tugadh le fios do Chomhar na nOileán, taréis iliomad cruinnithe nach raibh aon rogha eile againn ach cloí le polasaí rialtais, tar éis dúinn iarratas a dhéanamh go gcruthófaí fo-reigiúin eile le freastal ar riachtanaisí na nOileán in nGaillimh nó i n’aon Chontae eile.
- Dhaingní ráiteas an tAire Alan Kelly é seo nuair a cuireadh ceist dála ar an 14 Iúil 2014. Aríst ar an 11ú Feabhra 2015 & aríst i Mí an Aibreáin 2016, dúirt an tAire Stáit Ann Phelan & Oifigí ón Roinn linn go sonrach nach gcruthófaí fó-réigiúin eile. Dúradh go láidir sa bhfreagra nach raibh sé seo ag teacht le polasaí rialtais agus gur b’é an treo ab fhearr lena chinntiú go raibh freastal á dhéanamh ar na hOileáin & Gaeltacht na Gaillimhe & inmharthanachta na Comhlachta, ná áilíniú leis na Coiste Áitiúla Forbartha Pobail chun a chinntiú go mbeadh freastal ar na hOileain agus inbuanaíocht Chomhar na nOileán a chinntiú. Ghlac ár mBord cinneadh gur b’é an rogha ab fhearr don Chomhlacht beartas an Rialtas a leanúint agus oibriú leis na Comhairlí Contaethe in san 4 Réigiúin.
- Cuireann an cinneadh seo anois na cláracha eile ar fad atá ag Comhar na nOileán i mbaol; Scéim Sóisialta Tuaithe, SICAP in Oileáin Chorcaigh, An Scéim Siúlóidí, Maoiniú do na hOileáin Neamh-Ghaeltachta agus an Clár LEADER i gContaetha eile, Dún na nGall, Maigh Eó & Corcaigh.
- Anois tá sé tágtha chun solais go mbeidh fó-réigiúin eile ar na bearta, an rud a dúirt iliomad Teachtaí Dála, Áirí agus Oifigigh an Rialtais linn nach bhféadfaí tarlúint.
- Is é an cinneadh anois atá déanta ag an Roinn Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta, a bhfuil Rannóg na nOileán acu freisin, ná go mbronnfar an conradh ar Chomhlacht Forbartha Áitiúil eile, cé nár chloí an Comhlacht sin le polasaí an Rialtais maidir le Ailíniú, agus nach Comhlacht Oileánda nó Gaeltacht-bhunaithe iad. Tá roinnt mhaith ceisteanna tromchúiseacha ardaithe ag cinneadh na Roinne. Ceann dena ceisteanna tromchúiseacha seo ná cén chaoi ar féidir comparáid a dhéanamh idir straitéis leathan-chontae agus ceann atá dírithe ar cheantar Bhardas Chonamara amháin. Ag chuile stáid den phróiseas cuireadh in iúl dúinn gur b’é an rogha is fearr ná Grúpa Gníomhaíochta Áitiúla amháin agus Straitéis Forbarbha Áitiúil Aon-Chontae amháin.
- Chuile sheans anois go mbeidh Comhar na nOileán ar an t-aon Comhlacht Forbartha Áitiúil sa tír atá áilínithe leis an gCoiste Áitiúil Forbartha Pobail (LCDC’s) & le Polasaí Rialtas agus fós a chríochnaíonn suas dóite ag an bpróiseas seo. Tá guth agus cur chuige aontaithe na nOileán anois deilte nuair atá Oileáin na Gaillimhe, Inis Bó Finne, Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr faoi chúram Cuideachta Forbartha áitiúil mórthír-bhunaithe.
Tá Comhar na nOileán anois ag lorg cruinnithe práinneacha leis an Aire Sinsearach Heather Humphreys, agus le Oifigí Sinsearacha na Roinne.
Beidh Comhar na nOileán ag iarradh cruinniú le Comhaltaí an Oireachtais do Ghaillimh Thiar.Táthar ag déanamh an-eagóir anseo ar Chomhar na nOileán agus tá muid ag lorg freagraí ar cheisteanna tromchúiseacha atá againn.
Tagann an ionsaí deireannach seo ar na hOileáin anuas ar thréimhse fhada bhagarach agus laghduithe ar sheirbhísí riachtanacha oileánda ar nós:
- seirbhísí aeir,·
- seirbhísí bus,·
- laghdú ar bhuiséid riarachána do na hOileáin bheaga, ·
- seirbhísí sláinte pobail, ·
- múinteoirí agus ·
- na laghduithe leanúnacha ar na Comharchumainn Forbartha Pobail.
Ba mhaith le Comhar na nOileán a cur in iúl go láidir nach bhfuil na hOileáin ná na heagraíochta oileánda le cur as seilbh ná le cloí. Bratheann Comhar na nOileán gur chuir an treoir ar fad amú iad agus tá scrúdú á dhéanamh ar na nósanna imeachta & comhairlí a tugadh. Beifear ag troid in aghaidh an chinneadh seo.