SST / RSS

Scéim Sóisialta Tuaithe – Folúntais

Cuireann Comhar na nOileán CTR an Scéim Sóisialta Tuaithe i bhfeidhm ar na hoileáin le comhoibriú ó na Comharchumainn agus ó na Coistí Forbartha.

Tá sé mar aidhm ag an scéim tacaíocht ioncaim a thabhairt d’fheirmeoirí agus d’iascairí atá ag fáil íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh.

I measc na hoibre a dhéanann rannpháirtithe tá feabhsú agus cothabháil na timpeallachta, scéimeanna bainistíocht bruscar, cúram do dhaoine scothaosta agus tograí eile pobal.

Oibríonn rannpháirtithe 19.5 uair in aghaidh na seachtaine agus iad bunaithe ar sceideal feiliúnach d’fheirmeoir/d’iascaire.

Ní mór do dhaoine atá suim acu páirt a ghlacadh sa scéim teagmháil a dhéanamh leis an eagraíocht ar an oileán nó le foireann Chomhar na nOileán CTR chun cinntiú go bhfuil siad incháilithe don scéim.

Tá níos mó eolais ar an scéim ar fáil anseo.

Rural Social Scheme – Vacancies

The Rural Social Scheme on the islands is administered by Comhar na nOileán CTR in cooperation with island Development Companies and Co-operatives.

The scheme aims to provide income support to farmers and fishermen who are in receipt of Social Welfare benefits and to provide benefits to rural communities.

Work undertaken on the scheme includes environmental maintenance and enhancement, waste management schemes, certain services to the elderly and other community projects.

Participants work 19.5 hours per week and they can work hours that are suitable to their farming/fishing schedule.

Anyone interested in participating should contact their local island organisation or staff in Comhar na nOileán CTR to ensure that they are eligible.

More details on the Scheme available here.