6Stair & Iar-Chláracha
Sa bhliain 1984 bhunaigh sé oileán déag Comhdháil na nOileán. Ba é an aidhm a bhí acu ná aird a tharraingt ar na deacrachtaí a bhí ag muintir na n-oileán chomh fada agus a bhain le forbairt shocheacnamaíochta, fadhbanna a mheas siad nach rabhthas ag dul i ngleic leo ag leibhéal réigiúnach ná náisiúnta. Ag an am sin, bhí lochtanna móra ar rochtain ar na hoileáin agus bhí na seirbhísí sláinte agus seirbhísí bunriachtanacha eile go hiomlán míshásúil. Mar gheall ar easpa cistí agus na deacrachtaí a bhaineann go nádúrtha le heagraíocht dheonach de mhuintir na n-oileán a reáchtáil gan aon tacaíocht riaracháin, stop Comhdháil ag feidhmiú tar éis cúpla bliain.
Sa bhliain 1993, athbhunaíodh Comhdháil Oileáin na hÉireann agus rinneadh comharchumann de i 1994. D’éirigh le Comhdháil aitheantas a fháil mar chuideachta Leader II, a dheonaigh £1.3m ar dtús báire, agus leis sin bhí Comhdháil in ann oifig a oscailt (in Inis Oírr, an t-oileán is lú d’Oileáin Árann) agus foireann lánaimseartha a fhostú.
Sa bhliain 1998, d’éirigh le Comhdháil maoiniú a fháil faoin gclár Eorpach Deiseanna Nua do Mhná agus bhí 106 bean ó 16 oileán páirteach i gclár dhá bhliain.
Ansin riar Comhdháil an Clár Náisiúnta Forbartha Tuaithe (CNFT) do na hoileáin agus leithdháileadh €1.845m uirthi don tréimhse 2002-2006.
Ba comhalta bunaidh í Comhdháil de Líonra Oileáin Bheaga na hEorpa, (ESIN) bunaithe i 2001. Ansin ba í an comhpháirtí ceannais i dtionscadal idir-réigiúnach ESIN, a bhí maoinithe ag Interreg 111c.
Sa bhliain 2005, d’éirigh le Comhdháil maoiniú a fháil ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun Bainisteoir a fhostú a bheadh ag obair go neamhspleách ar an CNFT agus ar chláir eile agus a d’fhorbródh polasaí go náisiúnta do Chomhdháil. Bhí an post seo maoinithe ar dtús go dtí deireadh 2007 agus lean sé ar aghaidh go deireadh 2008.
I Meitheamh 2008 d’éirigh le Comhdháil maoiniú a fháil faoin Scéim Cruatán na mBhradán. Scéim a bhí anseo chun forbairt a dhéanamh ar dheiseanna eacnamaíochta breise i bpobail a ndeachaigh an cosc ar iascaireacht sruth-líonta i bhfeidhm go mór orthu. D’íoc Comhdháil €141,000 do 12 togra roimh a dhún an scéim i mí na Nollag 2009.
History & Previous Programmes
In 1984, sixteen islands founded Comhdháil na nOileán. Their aim was to draw attention to the difficulties facing islanders in terms of socio-economic development, problems which they felt were not being addressed at either a regional or national level. At that time, there were serious shortcomings with access to the islands and health and other essential services were completely inadequate. Due to lack of funds and the difficulties inherent in running a voluntary organisation of islanders without administrative support, Comhdháil stopped functioning after a few years.
In 1993, Comhdháil Oileáin na hÉireann was re-established and became a co-operative in 1994. Comhdháil then succeeded in getting recognition as a Leader II company, was granted £1.3m initially and was able to open an office (in Inis Oírr, the smallest of the Aran islands) and employ full-time staff.
In 1998 Comhdháil succeeded in getting funding under the European New Opportunities for Women programme and 106 women from 16 islands participated in the two-year programme.
Comhdháil then administered the National Rural Development Programme (NDRP) for the islands and was allocated €1.845m for the period 2002-2006.
Comhdháil was a founder member of the European Small Islands Network (ESIN), set up in 2001 and was the lead partner in an interregional project, funded by Interreg IIIc.
In 2005, Comhdháil succeeded in getting funding from the Department of Community, Rural and Gaeltacht affairs to employ a Manager who would work independently of the NDRP and other programmes and develop Comhdháil’s policy nationally. This post was funded initially until the end of 2007 and was extended to the end of 2008.
In June 2008 Comhdháil succeeded in getting funding under the Salmon Hardship Scheme. This was a scheme to support the development of additional economic opportunities in communities affected by the closure of the drift net fishery. Comhdháil paid €141,000 to 12 projects before the scheme closed in December 2009.