EIP – GLAOCH AR FHEIRMEOIRÍ AN OILEÁIN / CALLING ISLAND FARMERS

TIONSCNAIMH FEIRMEOIREACHTA BITHÉAGSÚLACHTA

Tá Comhdháil Oileáin na hÉireann i gcomhar le Comhar na nOileán ag déanamh iarratais ar Thionscnaimh Bithéagsúlachta Feirme agus PobailGlaoch 5.

Tá suim againn cloisteáil ó fheirmeoirí ar na hOileáin seo a leanas; Árainn Mhór, TORAIGH, OILEÁN CHLIARA, INIS TÚIRC, INIS BÓ FINNE, AN TOILEÁN MÓR, INIS EARCÁIN, OILEÁN CHLÉIRE agus na hOILEÁIN BHEAGA (Dún na nGall, Maigh Eo & Corcaigh), a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh san tionscnaimh seo dá n-éireodh leis an iarratas. Tá áiteanna teoranta an uair seo mar nach bhfuil anseo ach scéim píolóiteach.

Sa chás go n-éireoidh leis an iarratas, d’íocfaí feirmeoirí as a rannpháirtíocht trí chóras íocaíochta bunaithe ar thorthaí.

Bheadh deis a bheith páirteach i g​​ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha seo a leanas ag brath ar an bhfeirm:

1. Tréigean na talún, speicis ionracha a bhaint agus scrobarnach a chúngú lena n-áirítear speicis ionracha, luachair, raithneach, aiteann, d’fhonn an talamh sin a thabahirt ar ais arís agus tionchar a imirt ar bhithéagsúlacht. Córas bainistíochta a fhorbairt do na speicis seo atá ag fás go tapa.

2. Pailneoirí / Maolú ar Athrú Aeráide lena n-áirítear cosaintí ar imeall na talúna, plandáil fálta le sceacha dúchasacha agus iomadú cineálacha dúchasacha. Ina measc seo tá gnáthóga shaibhir bláthanna, fálta le sceacha dúchasacha a thógáil agus crainn leathan-duilleacha a chur, crainn torthaí agus crainn úll a chur, áiteanna cosanta a sholáthar do bheacha agus do fheithidí eile.

3. Gairneoireacht ar leibhéal beag lena n-áirítear soláthar glasraí don fhéin-úsaid, nó do mhargaí áitiúla feirmeoirí, nó díolacháin ag geata na feirme, nó le n-úsáid go h-áitiúil.

NÍ MÓR d’FEIRMEOIRÍ UIMHIR TRÉADA A BHEITH ACU LE BHEITH RANNPHÁIRTÍOCHT.

Tabhair breac-chuntas le do thoil ar an gcineál feirm a bhfuil baint agat leis agus cén fáth a gceapann tú go mbeadh d’fheirm oiriúnach.

Fág d’ainm san oifig forbartha áitiúil nó glaoigh ar 099 75096 nó seol ríomhphost chuig [email protected] má theastaíonn tuilleadh eolais nó soiléirithe uait faoin Aoine an 19 Márta 2021.

Island Farm and Community Biodiversity Initiative

Comhdháil Oileáin na hÉireann in conjunction with Comhar na nOileán are making an application for Call 5 – Farm and Community Biodiversity Initiative.

We are interested to hear from farmers on the Islands of Arranmore, Tory, Clare Island, Inishturk, Inishbofin, Bere Island, Sherkin, Cape Clear and the smaller islands (Donegal, Mayo & Cork) to see who would be interested in participating in the programme if the application was successful. There is a limited number of places available as this is just a demonstration project.

In the event that the application is successful, farmers would be paid for their participation through a results-based payment system

The work would involve either one or more of the following actions dependent on the farm.

  1. Land abandonment, the removal of invasive species and encroachment of scrub to include mechanical or hand removal of invasive species, rushes, bracken, gorse, briars with a view to reclaiming that land again and impacting on biodiversity. Development of a management regime for these fast growing species. 
  2.  Pollinators/Climate Change Mitigation to include field verge protection, native hedgerow planting and propagation of native varieties. These to include, flower rich habitats, sowing native hedgerows and broad leaved trees, sowing fruit and apple trees, providing sleeping areas for bees and hoverflies and reducing both fertilisers and pesticides.  
  3. Small scale Horticulture to include own use vegetable supply or surplus to farmers markets or farm gate sales, growing fodder and bedding plant for local use.

Farmers must have a Herd Number to participate

Please outline what type of farm that you are involved in and why you think your farm would be suitable for inclusion.

Please leave your name in the local development office or call 099 75096 or email [email protected] if you need further information or clarification by Friday the 19th March 2021.