Tá post lán-aimseartha (Saoire Máithreachais) mar Riarthóir á thairiscint ag Comhar na nOileán CTR. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in san oifig in Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe. Is 9.00 r.n. go 5.00 i.n. na huaireanta oibre.
Tá solúbthacht maidir leis an dáta tosaithe:
Mí Lúnasa/Tús Mí M’Fómhair.
Beidh tuiscint ar shaol na tuaithe, agus ar shaol na n-oileán riachtanach. Beidh Gaeilge labhartha agus scríofa riachtanach, chomh maith le taithí ar obair oifige. Beidh scileanna ríomhaireachta ag teastáil chomh maith le cumas maith eagrúchána.
Fiosrúcháin tríd an bhfón 099 75096 nó ríomhphost.
Is é 5pm 11ú Lúnasa 2017 an sprioc dáta d’iarratais. Seol isteach CV ag an oifig nó ag [email protected]
Is fostóir comhionannais é Comhar na nOileán CTR